Is é is uimhir adamhach (Z) adaimh ann ná líon na bprótón i núicléas an adaimh sin. Baineann Uimhir Admhach dhifriúil le gach dúil, .i. is é uimhir adamhach ocsaigin ná a hocht (mar tá 8 bprótón sa núicléas)ach is é an uimhir adamhach Nitrigín na a seacht (mar tá 7 bprótón sa núicléas).
Ar dtús is í an bhumchiall a bhain leis an uimhir adamhach ná áit- uimhir na dúile san Tábla Peiriadach.
Nuair a chéad leag Mendeleev síos na dúile i nGrúpaí de réir a gcosúlachta cheimiceacha, tugadh faoi deara roinnt neamhrialtachtaí nó neanmh-chomhoiriúcháin.
Mar shampla, má liostáiltear Iaidín agus Teallúiriam in órd de réir a mais adaimh amharcann siad go bhfuil siad in órd mícheart! Go bhfuil siad druim ar aghaidh.
Nuair a rangníodh iad de réir chosúlachtaí a gcuid airíonna cheimciceacha b'é a n-uimhreacha adamhacha a n-áituimhir sa Tábla Peiriadach.
Bhí an cuma ar an scéal gur thaispeáin an uimhir seo comhréiteach le mais an adaimh, ach, mar a léiríodh sa neamhrialtacht thuas luaite, caithfidh airí eile a thabhairt san áireamh.
Míníodh na neamhrialtachtaí san órd-sheicheamh seo sa deireadh i ndiaidh taighde a rinne Henry Gwynn Jeffreys Mosley i 1913. Léirigh Mosley coibhneas docht idir díraonadh x-ghathach speictra na ndúl agus a n-áit suite sa Tábla Peiriadach.
Fuarthas amach níos déanaí arís go bhfuil comhfreagair idir an uimhir adamhach agus lucht leictreach an nuicléis — i bhfocail eile uimhir na bprótón. Is é an lucht a bheireann airíonna cheimeacha do phrótóin, ní an mais adamhach.
Tá dlúth-bhaint idir an Uimhir Adamhach agus an Mais Uimhir ( cé nach cóir duit iad a mheascadh). is é an mais uimhir adaimh ann ná suim an líon prótón agud neodrón. Go minictagann an Mais Uimhir i ndiaidh na dúile, .i. Carbon-14 ( in úsáid i ndátaithe carbóin)
<
Atoomgetal | Ordnungszahl | رقم ذري | Númberu atómicu | Атомен номер | Niver atomek | Atomski broj | Nombre atòmic | Atomové číslo | Atomnummer | Ordnungszahl | Ατομικός αριθμός | Atomic number | Atomnumero | Número atómico | Järjenumber | Zenbaki atomiko | Järjestysluku (kemia) | Numéro atomique | Número Atómico | מספר אטומי | Atomski broj | Nomor atom | Atomala nombro | Sætistala | Numero atomico | 原子番号 | 원자 번호 | Atomo numeris | Атомски број | Atoomnummer | Atomnummer | Atomnummer | Liczba atomowa | Número atómico | Număr atomic | Атомный номер | Atomic number | Protónové číslo | Vrstno število | Атомски број | Atomnummer | அணு எண் | เลขอะตอม | Atom numarası | Атомний номер | Số nguyên tử | 原子序数
This article is licensed under the GNU Free Documentation License.
It uses material from the
"Uimhir adamhach".
Home Page • arts • business • computers • games • health • hospitals • home • kids & teens • news • physicians • recreation• reference • regional • science • shopping • society • sports • world