Is í an tSionainn an abhainn is faide in Éirinn, agus is faide í ná aon abhainn sa Bhreatain chomh maith. Tá a foinse i gContae an Chabháin, in Uladh. Tá trí loch mór i gcúrsa na habhann, Loch Ailinn, an Loch Riabhach agus Loch Deirg.
Tá aithne, chomh maith, uirthi ó scéim na Sionna, nuair a tógadh stáisiún cumhachta uisce in Ard na Croise gar dá h-inbhear faoi rialtas Sheáin Lemass. Tógadh baile nua ar a hinbhear freisin, i Rinn Eanna, leis an ainm Baile na Sionna faoin rialtas céanna.
Tá iascach bhreá fós ar an Sionann. Cé nach mórán feidhme a baintear anois aisti le iompar, tá an abhainn gnóthach go maith sa samhradh le báid saoire, ar féidir leo taisteal as Luimneach ag béal na h-abhann go lár na tíre, nó fiú go dtí an Éirne i gContae Fhear Manach, nó go Baile Átha Cliath ar an gCanáil Ríoga nó ar an gCanáil Bhreá (Grand Canal).
Tíreolaíocht na hÉireann | Uiscí
شانون | Shannon (Fluss) | River Shannon | Shannon | Shannoni jõgi | Shannon (rivière) | שאנון | Shannon (fiume) | シャノン川 | Shannon (rivier) | Shannon | Sionna | Shannon | 香农河
This article is licensed under the GNU Free Documentation License.
It uses material from the
"Sionainn".
Home Page • arts • business • computers • games • health • hospitals • home • kids & teens • news • physicians • recreation• reference • regional • science • shopping • society • sports • world