article

Is páirtí náisiúnaí in Éirinn é Sinn Féin. Tá stair fada ag an phairtí seo agus bhí sé ar thús cadhnaíochta cursaí Éireannacha ar feadh céad bliain. D'athraigh sé stair na Éireann go deo.

Stair an Phairtí


An Chéad Sinn Féin

Bhunaígh Art Ó Gríofa Sinn Féin i mbliain 1905. Bhi an Griofach i bhfabhar poblachta neamhspleaiche Éireannai ach thuig se cé chomh deacair is a bheadh sé a leitheid sin a bhaint amach. Mar sin, d'fhogair se beart nios teoranta: Eire a bheith mar riocht faoi leith faoi mhonarcacht na Breataine Mora. Démhonarcacht a thugtar ar an phrionsabal sin, agus b'e an demhonarcacht a cuireadh i bhfeidhm san Ungair o 1867 fan Impireacht Ostair-Ungaireach a spreag an Griofach.

Ní raibh aon bhaint ag Sinn Féin le hÉirí Amach na Cásca, ach mheas na hudarais go raibh agus thug siad an "Sinn Fein Rebellion" air. D'eirigh an meon naisiunta nios radacaigh ar fad i ndiaidh scaoileadh cheannairi an Eire Amach. Ni raibh aon fheithicil polaitiochta ag lucht an Eiri Amach, afach, agus chuaigh siad i mbun caibidliochta leis an Ghriofach chun Sinn Fein a athsheoladh mar phairti reabhloideach.

An Dara Sinn Féin

Roimh an toghchán 1918, bhí athrú cheannaire ag Sinn Féin. Sheas Art Ó Gríofa ar thaobh chun ligint d'Éamon de Valera post an cheannaire a fhail. Tar éis sin, ba phairtí poblachtach é Sinn Féin. Bhuaigh Sinn Féin 73 suíocháin as 105 in Olltoghchán 1918 agus iad ag maoimh nach nglacfadh siad pairt i bParlaimint na hImpire i Londain. I dtus 1919, bhunaigh feisiri Sinn Féin Dáil Éireann i 1919, d'fhógair sí a neamhspleáchas agus d'fhógair sé Cogadh ar aon fhórsa iasachta sa tír. I rith Chogadh na Saoirse, ba é Sinn Féin a stiúraigh an rialtas reabhloidach. Tar éis shíniu an Chonartha, scoilt an pairtí i ndá chuid - an tromlach i bhfabhar an Chonartha, le 64 vota sa Dail, agus mionlach mor ina aghaidh, le 57 vota.

An Triú Sinn Féin

Tugadh an Triú Sinn Féin ar an cuid Sinn Féin a bhí in aghaidh an Conartha. Ghlac an dream a bhi i bhfabhar na Conartha Cumann na nGaedheal mar ainm orthu fein. Throid an dá thaobh i gcoinne a chéile i rith Chogadh Cathartha na hÉireann. Bhuaigh lucht an Chonartha ach níor ghlac an taobh lena dhlisteanas. Níor aithnigh Sinn Féin an Dáil nó an rialtas SaorStát. Faoi cheannas Eamon de Valera, ní ghlac an páirtí páirt sa railtas Saorstát, an Dáil. De réir an bheartais seo, chiall sé a lán vótóirí. Chomh maith le sin, chaill Sinn Féin a lán deiseanna chun brú a chur ar Chumann na nGaedheal toisc nach raibh siad sa Dáil. Thuig De Valera é sin agus mheas se go mb'fhearr páirt a ghlacadh sa Dáil. Mar sin, chuir sé vota ar bun faoin gceist agus nuair a theip ar a mholadh, d'fhág sé an pairtí agus bhunaigh sé Fianna Fáil.

An Ceathrú Sinn Féin

Níor fagadh sa phairti ach dream beag, coimeadach i ndeidh na scoilte le De Valera. Bhi drochghaola idir an phairti agus Oglaigh na hEireann, an forsa ba thabhachtai agus ba threise i bhfad sa pholaitiocht phoblachtach. Ar deireadh, i 1939, thainig an pairti agus an t-airm chun reiti, ach chuir a pholasai i gcoinne suiochain a ghlacadh sa Dail bac mor ar fhas an phairti.

Sna seascaidí, thiontaigh gluaiseacht na poblachta chun an chlé, ag glacadh le hanalais Marxach ar chas na hEireann. Ni raibh iomlan na gcomhaltai sasta leis an chasadh seo, agus ag Árd-Fheis an phairti i 1970, scoilt se arís nuair a d'fhag an eite naisiunach traidisiunta chun Sinn Féin Sealadach a chur ar bun.

An Cúigiú Sinn Féin

Is é Sinn Féin Sealadach an cúigiú Sinn Féin agus is é an Sinn Féin atá againn anois. Ba é an taobh poilitiúl don IRA i rith na Trioblóidí sa Tuaisceart. Ruairí Ó Brádaigh a bhi ina cheannaire air i dtosach agus anois is é Gerry Adams an ceannaire. O na hochtoidi i leith, thainig claochlu mall ar sheasamh pholaitiuil na ceannaireachta, agus iad ag gluaiseacht go bog curamach i dtreo straiteise poilitiúla in ionad meáin foréigineacha. Mar thoradh air sin, scoilt an páirtí dhá uair eile, an chead uair i 1986 nuair a ghlac se le moladh na ceannaireachta suiochain a lorg sa Dail agus d'fhag an Bradach agus companaigh leis chun Sinn Féin Poblachtach a chur ar bun, agus an dara uair nuair a bhunaigh dream beag a bhi i gcoinne an sos cogaidh an Fíor-IRA. Ach chuaigh Sinn Féin Sealadach ó neart go neart sna toghchain, agus sa toghchán is déanaí, Olltoghchán na Breataine Mora 2005, bhuaigh sé 5 suíochán agus is é an pairtí náisiúnaí is mó anois i dTuaisceart Eireann.

Ceannairí


Polaitíocht na hÉireann | Stair na hÉireann | Tuaisceart Éireann | Ríocht Aontaithe

شين فين | Sinn Féin | Sinn Féin | Sinn Féin | Sinn Féin | Sinn Féin | Sinn Féin | שין פיין | Sinn Féin | 신페인당 | Sinn Féin | Sinn Féin | Sinn Féin | Sinn Féin | Шинн Фейн | Sinn Féin | 新芬黨

 

This article is licensed under the GNU Free Documentation License. It uses material from the "Sinn Féin".

Home Pageartsbusinesscomputersgameshealthhospitalshomekids & teensnewsphysiciansrecreationreferenceregionalscienceshoppingsocietysportsworld