article

Sraith de cheithre opera a scríobh Richard Wagner is ea Ring des Nibelungen. Tá ceithre chinn acu ann, agus ba é Wagner é féin a chum idir cheoil agus liricí. Baineann siad le sean miotaseolaíocht na Gearmáine agus Chríoch Lochlann don chuid is mó, cé go bhfuil meascán de thréithe ón gCríostaíocht le sonrú ins na saothair seo freisin. Bhí trí roinn sa chruinne sa seanaimsir - Walhall nó Valhalla (neamh na sean-déithe Gearmánacha), Niebelheim faoi thalamh, mar ar mhair na Nibelungen, sort leipreacháin a chleacht obair miotail, agus na daoine ar dhromchla an domhain, ag a raibh saol teoranta. Baineann an scéal, arbh é Wagner féin a chuir cuid mhór de le chéile, leis an tslí ar bhain na Nibelungen ór na Réine (Rhine) ó mhaighdeana na Réine. Ina dhiaidh sin, fuair Wotan, ceann na ndéithe seilbh ar ar Rhinegold (ór na Réine). Ach idir an dá linn, bhí go leor suime aige i ngnóthaí na ndaoine, go háirithe Siegmund, agus a mhac ina dhiaidh, Siegfried. Is iad na ceithre h-opera sa sraith ná:

Ceol

Nibelungens Ring | Der Ring des Nibelungen | Το Δαχτυλίδι των Νιμπελούνγκεν | Der Ring des Nibelungen | El Anillo de los Nibelungos | حلقه نیبلونگ (اپرا) | Nibelungin sormus | L'Anneau du Nibelung | L'anello del Nibelungo | ニーベルングの指環 | Der Ring des Nibelungen | Der Ring des Nibelungen | Der Ring des Nibelungen | Кольцо Нибелунга | Nibelungens ring | 尼伯龙根的指环

 

This article is licensed under the GNU Free Documentation License. It uses material from the "Ring des Nibelungen".

Home Pageartsbusinesscomputersgameshealthhospitalshomekids & teensnewsphysiciansrecreationreferenceregionalscienceshoppingsocietysportsworld