Is í Máire Pádraigín Mhic Ghiolla Íosa (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ochtú hUachtarán na hÉireann, agus tá sí i bpost i gcónaí (1997 - ).
Bhí a téarma 7 mbliain le bheith istigh i Mí na Samhna 2004, ach d´fhógair sí ar 14 Meán Fómhair, 2004 go seasfadh sí an dara téarma sna toghcháin uachtaránachta. Nuair nár éirigh le haon iarrthóir eile an tacaíocht cuí a fháil le seasamh, sheas an Uachtarán gan chur ina coinne, agus fógraíodh go raibh sí tofa ar 1 Deireadh Fómhair, 2004. Cuirfear i gcathaoir í ag tús a dara téarma ar 11 Samhain, 2004. Feictear gur mar gheall ar shásamh an phobail lena iarrachtaí ina post cúis a bua sa toghchán, agus nach raibh pártaí ar bith sásta íoc as toghchán a bheadh an-deacair buachaint. *
Rugadh Máire Páidrigín Ní Lionnacháin ar an 27 Meitheamh, 1951. Fuair sí a chuid oideachais ag Ardscoil Naoimh Doiminic; Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is ball ar an mBeár i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann í. I 1975 ceapadh mar Ollamh Reid ar Dhlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Píoneolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í, i gcomharba ar Mháire Mhic Róibín (comharba a thitfeadh amach arís i gceann 20 bliain). I 1979 chuaigh sí isteach in RTÉ mar iriseoir agus láithreoir. I 1981 d´fhill sí ar Ollúnacht Reid, ach lean ag obair go páirtaimseartha do RTÉ ar feadh 4 bliana eile. Ba bhall ar Theachtaireacht Easpag an Eaglais Chaitlicigh chuig Fóram Éireann Nua i 1984 í, agus ba bhall ar theachtaireacht na hEaglaise Caitlicí chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáid Conspóideacha í i 1996.
I 1997 bhuail Bean Mhic Giolla Íosa an Taoiseach Ailbhe Mac Raghnaill i dtoghchán ar rogha Fhianna Fáil don Uachtaránacht. Ar 11 Samhain 1997, thóg sí a háit mar 8ú Uachtarán na hÉireann. Ba é seo an chéad uair ar tháinig bean i gcomharba ar bhean eile mar uachtarán aon áit ar domhan. Náisiúnaí a tógadh i dTuaisceart Éireann, téann sí thar teorainn go minic, agus cuireadh fáilte roimpi ag an dá phobal ó thuaidh.
Chuir sí aithne ar an mBanríon Eilís II agus í féin ina Leas-Sheansiléar Cúnta ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Meastar go mbeidh cuairt ón mBanríon sin go hÉirinn i réim an Uachtaráin.
Tá sí pósta le Máirtín Mac Giolla Íosa. Tá a háras oifigiúil in Áras an Uachtaráin, Páirc an Fhíonnuisce, Baile Átha Cliath 7.
Roimhe seo bhí sí ina:
Polaiteoirí na hÉireann | Daoine a rugadh i 1951
Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | メアリー・マッカリース | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | Mary McAleese | 瑪麗·麥亞烈斯
This article is licensed under the GNU Free Documentation License.
It uses material from the
"Máire Mhic Ghiolla Íosa".
Home Page • arts • business • computers • games • health • hospitals • home • kids & teens • news • physicians • recreation• reference • regional • science • shopping • society • sports • world