article

Baineann an alt seo le heolaíocht agus cóir leighis. (??? fch plé)

Is é atá i gceist leis an leigheas ná an eolaíocht a bhaineann le haire don chorp agus don aigne, agus an freastal a thugann dochtúirí leighis. Is mór é a réimse, agus roinntear é imeasc méid mhór speisialachtaí. Roinntear dochtúirí leighis idir dhochtúirí teaghlaighcleachtóirí ginearálta agus speisialtóirí nó saineolaithe, ar a dtugtar comhairleoirí in Éirinn.

Tugtar dochtúir teaghlaigh , (as Béarla, G.P.general practitioner) ar ghnáthdhoctúir a chleachtaíonn an leigheas go ginearálta, de ghnáth ina sheomra freastal féin. Sa lá atá inniu ann, is minice dochtúirí a bheith i gcomhchleachta le dochtúirí eile i gclinic, ina bhfuil ar a laghad banaltra amháin, cléireach, agus áiseanna sa bhreis nach mbeadh ar chumas dhochtúra aonair cur ar fáil.

Ar an taobh eile de, is féidir an leigheas a roinnt idir speisialachtaí galra agus córais an choirp (m.sh. liacht bhan, leigheas análaithe, néareolaíocht, nó síciatracht), aois an othair (m.sh. pédiatraíocht (liacht leanbh) nó leigheas sean-aoise), an bealach ina gcuirtear an leigheas i bhfeidhm (m.sh. máinliacht, raideolaíocht nó leigheas ginearálta), agus idir aire díreach agus déanamh agus iniúchadh scrúdaithe, m.sh. paiteolaíocht agus raideolaíocht. Cnáimhseachas a thugtar ar dhoctúir a chleachaíonn aire ban torrach chomh maith le bainistíocht na breithe féin. Ina theannta sin, tá dochtúirí a chaitheann cuid mhaith dá gcuid ama le múinteoireacht, le taighde in eolaíocht shláinte, ag obair le roinn den rialtas nó ag plé le leigheas pobail.

Ina theannta sin uilig, tá mórmhéad cleachtóirí eile leighis nach dochtúirí leighis iad, ach a oibríonn leis an othar, go minic faoi choimirce an dochtúra leighis. M.sh., altra (banaltra an fhoirm bhaineannach) a thugtar ar chleachtóir a dhéanann obair mar tabhairt piollaí agus insteallaithe, cuidiú leis an lia le linn opráide, aire othair roimh agus i ndiaidh opráide, agus mórchuid an aire ginearálta le linn d'othair bheith in ospidéil.

Ta teiripithe traenáilte le cuidiú freisin, m.sh., le hothair le trioblóid labhairte (teiripe labhairt agus éisteachta), trioblóid sodar (fisiateiripe) agus tabhairt raidíocht (raidioteiripe).

Leigheas | Eolaíocht

Geneeskunde | Medizin | طب | Medicina | Медицина | ঔষধ | Medisinerezh | Medicina | Lékařství | Medicëna | Lægevidenskab | Medizin | Ιατρική | Medicine | Medicino | Medicina | Meditsiin | Medikuntza | پزشکی | Lääketiede | Arstitiidüs | Médecine | Midisine | Genêskunde | Medicina | רפואה | Medicina | Orvostudomány | Medicina | Medicino | Medicina | ᐊᓐᓂᐊᒥ ᖃᐅᔨᓴᕐᓂᖅ | 医学 | 의학 | Медицина | Medicina | Medisina | Medezin | Genaeskónde | Medicina | Medicīna | Медицина | Mericina | Medizin | Geneeskunde | Medisin | Medisin | Медицинæ | Medycyna | Medicina | Medicină | Медицина | आयुर्विज्ञान | Midicina | Medicina | Medicine | Medicína | Medicina | Mjekësia | Медицина | Tatamba | Medicin | แพทยศาสตร์ | Medisina | Tıp | Медицина | Y học | Medcene | 医学 | I-ha̍k

 

This article is licensed under the GNU Free Documentation License. It uses material from the "Leigheas".

Home Pageartsbusinesscomputersgameshealthhospitalshomekids & teensnewsphysiciansrecreationreferenceregionalscienceshoppingsocietysportsworld