article

Is éard atá i ngrianghrafadóireacht ná íomhá seasta a thaifeadadh ar ábhar solas-íogair go ceimiceach, go meicniúil nó go digiteach.

Go bunúsach ciallaíonn an focal grianghrafadóireacht scríobh le solas na gréine. Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i gcamera obscura a theilg íomhá trí lionsa laistigh de sheomra dorcha. Ba mar chabhair líníochta d'ealaíontóirí a bhí sé. Le forbairt na ceimice tugadh faoi deara go raibh tionchar ag an solas ar cheimicí áirithe, go háirithe clóiríd airgid. Ba é Joseph Nièpce a rinne an chéad ghrianghraf i samhradh na bliana 1827, ach ba é a chomhpháirtí Louis Daguerre a rinne forbairt ar dhóigh le plátaí grianghrafacha a tháirgeadh ionas go mbeadh íomhá buan ar fáil. Bhí an-ráchairt ar an bpróiseas nua láithreach bonn agus tosaíodh ar phortráidí agus ar thírdhreacha a ghlacadh ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, agus ba chuid riachtanach de ghiúirléidí na taiscéalaíochta é do chuid mhór de na daoine a bhí ag taisteal chuig na háiteanna ba iargúlta ar domhan. Bhí an próiseas an-chostasach áfach agus ní raibh ach íomhá amháin le fáil as.

D'fhorbair William Henry Fox Talbot an claonchló i 1835, rud a chuir ar chumas clódóirí cóipeanna gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba ar pháipéar a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin (ceallafán) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin.

Tháinig feabhas de réir a chéile ar chaighdeán na scannán agus b'fhéidir formáidí níos lú a úsáid. Ba mhinic claonchló 20 x 25cm á úsáid ag tús ama ach ba iad na formáidí 35mm agus 6 x 6cm na caighdeáin do ghrianghrafadóirí gairmiúla faoi lár an fichiú haois. Bhíodh ar na grianghrafadóirí fadó gach gné den phróiseas a fhoghlaim iad féin, staidéar a dhéanamh ar sholas agus ar lionsaí, ach de réir a chéile d'fhás tionscal ollmhór a rinne forbairt ar réaladh na n-íomhánna, ar na scannáin agus ar luach nochtaithe na gceamaraí ionas gurbh fhusa go mór gnó an ghrianghradóra. Rinneadh gnéithe uathoibreacha den nochtadh agus den bhfócas sna 1970í agus tháinig a lán ceamaraí beaga ar an mhargadh a bhí chomh cumasach le huirlisí an lucht gairmiúil. Bhí Henri Cartier-Bresson an-cháiliúil mar gheall ar a chuid grianghrafanna tuairisciúla don eagraíocht Magnum.

Le forbairt na ríomhaireachta, tháinig scannóirí ar an mhargadh a chuir ar chumas an ghnáthdhuine grianghrafanna a thaifeadadh mar cháipéisí digiteacha agus bhí an-tionchar ar fad aige sin ar an bhfoilsitheoireacht. As sin tháinig ceamaraí digiteacha atá anois (2004) inchomórtas ó thaobh gnéithe agus chaighdeán na híomhá is atá ceamaraí 35mm.

Fotografie | Fotografía | فتوغرافية | Fotografía | Фатаграфія | Фотография | Fòtòta | Foto | Fotografija | Fotografia | Fotografie | Fòtografijô | Fotografi | Fotografie | Φωτογραφία | Photography | Fotografio | Fotografía | Fotograafia | عکاسی | Valokuvaus | Photographie | Fotografie | Fotografía | צילום | Fotografija | Fotográfia | Fotografi | Fotografo | Ljósmyndun | Fotografia | 写真 | Fotografie | Fotografija | Fotogrāfija | Fotografie | Fotografi | Fotografia | Fotografia | Fotografie | Фотография | Fotografia | Photography | Fotografia | Fotografija | Fotografia | Fotografi | การถ่ายภาพ | Fotoğrafçılık | فوتو سۈرەتچىلىك | Nhiếp ảnh | 摄影

 

This article is licensed under the GNU Free Documentation License. It uses material from the "Grianghrafadóireacht".

Home Pageartsbusinesscomputersgameshealthhospitalshomekids & teensnewsphysiciansrecreationreferenceregionalscienceshoppingsocietysportsworld