Tugtar eitleonaic ("eitilt" + "leictreonaic") ar an ngléasra leictreonaice a úsáidtear leis an eitleán a phíolótú is a threorú le linn na heitilte. Cuid den eitleonaic iad na córais chumarsáide agus aerloingseoireachta, an t-uathphíolóta agus an córas bainistíochta eitilte (FMS). Uaireanta, tugtar eitleonaic ar ghléasanna leictreonacha eile ar bhord an eitleáin freisin, cosúil leis an gcóras físeáin le haghaidh na bpaisinséirí, siúd is nach bhfuil baint dá laghad ag an ngléasra seo le riachtanaisí na haerloingseoireachta. Sa lá atá inniu ann, tá ríomhairí leabaithe i gcuid mhaith den eitleonaic. Eitleonaic a thugtar freisin ar na córais aerloingseoireachta ar bhord an spásbháid.
Tá gutháin raidió, nó raidiónna gutha déthreo, á n-úsáid ar bhord na n-eitleán ón tréimhse roimh an Dara Cogadh Domhanda anuas, agus iad ina gcuidiú tábhachtach leis na misiúin eitilte a chomhordnú agus leis an eitleán a choinneáil ar an treo. Bhí na gléasanna ba mhoiche bunaithe ar na folúsfheadáin, agus iad an-mhór. Mar sin, ní raibh ach an painéal stiúrtha i gcábán an eitleáin, agus an chuid eile den ghuthán suiteáilte in áit éigin eile den chabhail. Go gairid i ndiaidh an chogaidh, caighdeánaíodh na han-ardmhinicíochtaí raidió, agus tháinig na trasraitheoirí in áit na bhfolúsfheadán. Níor tháinig mórán athrú orthu ó na seascaidí anuas, áfach.
Ar dtús, chaithfeadh an píolóta nó an t-aerloingseoir cluasáin a chur air agus láine na fuaime i leathchluasán amháin a chur i gcomparáid leis an gceann eile, leis an treo ceart a choinneáil. Ina dhiaidh sin, d'fhorbair cineálacha éagsúla de chórais aerloingseoireachta:
B'é an rabhchán raidió neamhthreo an chéad chóras leictreonach a tháinig in úsáid go fairsing san aerloingseoireacht. Na chéad staisiúin raidió le haghaidh aerloingseoireachta, ba rabhcháin raidió neamhthreo ardchumhachta iad, agus iad curtha ar feadh bealtaí eitilte oíche a bhí marcáilte le rabhcháin daite sholais roimhe sin. An chuid den chóras atá suiteáilte ar bhord an eitleáin le comharthaí a ghlacadh ón rabhchán raidió, tugtar uathaimsitheoir treo nó aimsitheoir treo uirthi. Taispeánann snáthaid na hionstraime don eitleoir, cá bhfuil an rabhchán. Baineann na rabhcháin raidió úsáid as na bannaí ísealmhinicíochta agus meánmhinicíochta, agus ós rud é nach bhfuil siad costasach, bíonn siad coitianta go maith ar na haerphoirt is lú i gcónaí, siúd is go bhfuil an Córas Suite Domhanda (GPS) ag cur ruaigeadh orthu de réir a chéile.
Tá an córas uileraoin an-ardmhinicíochta níos díonaí ar an trasnaíocht a thagann as na stoirmeacha toirní, agus cuireann sé leis an gcruinneas. Tá sé ina chrann taca don aerloingseoireacht i gcónaí. Cuireann sé ar chumas an aerloingseora an líne ghathach a aimsiú, is é sin, an líne ón tarchuradóir amach ar uillinn áirithe ón tuaisceart maighnéadach. Ansin, taispeánfaidh gléas ar leith, táscaire an diallta ón gcúrsa, an oiread atá an t-eitleán ag tréigean an treo cheaptha. Tá gléas fadtomhaiste curtha le cuid mhaith tarchuradóirí agus glacadóirí córais uileraoin, lena thaispeáint cá fhad atá an staisiún ón eitleán.
Foireann ionstraimí is ea é an córas seo a chuireann ar chumas an aerloingseora ceann tuirlingthe an rúidbhealaigh a aimsiú. Tá lógánóir ann leis an treo ceart a fháil, fána sleamhnaithe mar threoir airde, agus rabhcháin mharcála leis an bhfad a thaispeáint. Is féidir gléasra fadtomhaiste a bheith ann freisin, chomh maith le lógánóir compáis, is é sin, rabhchán raidió agus é ag taispeáint tús na coda deireanaí den chúrsa tuirlingthe roimh an rúidbhealach.
Is é is trasfhreagróir ann ná trasghlacadóir a ghlacann le "ceistiúcháin" ó radarchóras rialaithe an aerthráchta agus é ag tarchur cód digiteach mar fhreagra. Cuidíonn an radar tánaisteach seo leis an radarchóras an t-eitleán a aimsiú níos fearr ná mar a bheadh indéanta i dtuilleamaí an radar talún amháin. An córas seo atá bunaithe ar chomhoibriú stáisiún an radair agus an radarghléasra breise ar bhord an eitleáin, tugtar córas radar-rabhcháin rialaithe aerthráchta air.
Is é an freagra a thugann trasfhreagróir den ghnáthchineál ("modh A") ar cheistiúchán an radarchórais ná cód ceithre dhigit. Ní féidir le haon digit a bheith níos airde ná a seacht, is é sin, ní ghlactar lena naoi ná lena hocht mar chuid den chód. Tugtar trasfreagróir "Cód 4,096" ar an gcineál seo trasfhreagróra. Socraítear an cód de réir an chineál eitilte atá i gceist, nó de réir na dtreoracha a fhaightear ó fhoireann rialaithe an aerthráchta.
Maidir le trasfhreagróir den chineál "modh C", tugann sé freisin airde eitilte an eitleáin, agus í tomhaiste de réir bhrú an aeir timpeall. Tá trasfhreagróirí nua-aimseartha den chineál "modh S" ábalta freagra fada digiteach a thabhairt a cheadaíonn d'fhoireann rialaithe an aerthráchta an t-eitleán a aithint thar gach eitleán eile fiú gan oiread is focal a bhéith á labhairt ag an bpíolóta leis an bhfoireann rialaithe. Is féidir le trasfhreagróir den chineál seo, freisin, eolas digiteal i dtaobh na n-imthoscaí tráchta a ghlacadh ón bhfoireann rialaithe agus a thaispeáin don phíolóta.
Seasann na litreacha úd IFF don chineál trasfhreagróra a úsáidtear ar eitleáin mhíleata. Is é is brí leis na litreacha ná "aithint an námhad thar an gcara" (identification friend or foe). Is léir go bhfuil gléasra breise ag dul leis an gcineál seo trasfhreagróra agus é ag freastal ar shainriachtanaisí na heitleoireachta míleata.
Úsáidtear an gléasra fadtomhaiste (Distance Measurement Equipment, DME) leis an bpíolóta a chur ar an eolas faoi cá fhad atá a eitleán ón chéad stáisiún VOR eile. Mar sin, is féidir leis an bpíolóta a áit a aimsiú go cruinn, ach treo-uillinn agus fad a bheith aige ón stáisiún VOR. Ar ndóigh, caithfidh sé go bhfuil a fhios aige cá bhfuil an stáisiún féin suite ar an mapa. Is gnách tagairt a dhéanamh do chórais den chineál sin mar "VOR/DME". Cuid is ea é an gléasra fadtomhaiste freisin den chóras loingseoireachta míleata a úsáidtear go forleathan sna Stáit Aontaithe, is é sin, TACAN (TACtical Air Navigation, nó aerloingseoireacht oirbheartaíochta). Tugtar VOR-TAC ar stáisiún talún a bhaineann úsáid as an gcóras VOR agus as TACAN in éineacht. Tá minicíochtaí na radathonnta a mbaineann VOR agus DME nó VOR agus TACAN leas astu ceangailte dá chéile de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta. Má shocraíonn an píolóta a ghléasra ar mhinicíocht ar leith VOR, roghnóidh an gléasra an mhinicíocht cheart le haghaidh DME nó TACAN go huathoibríoch
Luftfartselektronik | Avionik | Avionics | Aviónica | Avionique | אוויוניקה | Avionica | アビオニクス | 에비오닉스 | Awionika | Aviónica | Avionik
This article is licensed under the GNU Free Documentation License.
It uses material from the
"Eitleonaic".
Home Page • arts • business • computers • games • health • hospitals • home • kids & teens • news • physicians • recreation• reference • regional • science • shopping • society • sports • world