Wenuszmf.jpg de Milo ar taispeántas i Músaem an Louvre, Páras na Frainc.]]
Oilteacht an bunbhrí a bhí le hEalaín sa Ghaeilge ach dála a comhbhríoch i dteangacha eile tá an bunbhrí seo ag leathnú an t-am ar fad agus sa lá atá inniu ann san Eoraip is ionann ealaín agus táirge ar bith de chuid na samhlaíochta a bhíonn dírithe ar an samhlaíocht féin.
Ba ghnách san Eoraip ón Renaissance anall na Míndána i.e. ealaíona na péintéireachta, na líníochta, na dealbhóireachta agus na hailtireachta a dhealú ó na hEalaíona Feidhmeacha, ealaíona a cuireadh i bhfeidhm ar earraí chun iad a mhaisiú ach bhí an cur chuige seo coimhthíoch do thraidisiúin chultúir agus sibhialtachtaí eile agus don Eoraip roimhe sin.
De réir an Choincheapúlachais, fealsúnacht ealaíne a tháinig chun cinn tar éis an Dara Chogadh Domhanda, is féidir le duine ar bith a bheith ina ealaíontóir agus is féidir le rud ar bith ina théama i saothar ealaíne. Meán chun pearsantacht, braistintí nó spiorad an ealaíontóra a léiriú a bhíonn san Ealaín de réir na teoirice seo. Is é an t-ealaíontóir téama a chuid ealaíne féin, murab ionann agus sna traidisiúin nó fealsúnachtaí ealaíne a chuaigh roimhe Is sainmhíniú ó Iarthar Domhain é seo ar ndóigh a fhágann an chuid is mó de thraidisiúin ealaíne eile an domhain amach as an áireamh. Bhí feidhm chinnte ag an Ealaín i dtraidiúin eile. Neamh agus an Domhain a nascadh le chéile an fheidhm a bhí ag an bpéintéireacht i dtraidisiún na Síne mar shampla agus níor mhór dianstaidéar agus dianmhachnamh a dhéanamh roimh thabhairt faoi.
Déantar rangú comhghnásach ar an gcineál léiriú a dhéantar i saothar ealaíne ar an gcuspa a bhíonn mar théama ann.
Nádúrachas, ina ndéantar iarracht an cuspa a léiriú mar a fheictear don súil é.
Teibíochas, ina mbíonn an cuspa léirithe ar bhealach laghdaithe nó stílithe.
Neamh-oibiachtúlachas : nuair nach mbíonn aon chuspa fhísiúil sa saothar ach iarracht chun mothúcháin a spreagadh sa bhreathnóir le dathanna agus le cruthanna, díreach mar a dhéanann an ceol.
Arte | فن | Arte | Mens | Мастацтва | Изкуство | Arz | Umjetnost | Art | Arte | Umění | Kunst | Kunst | Τέχνη | Art | Arto | Arte | Kunst | Arte | هنر | Taide | Art | Art | Keunst | Arte | אמנות | कला | Umjetnost | Művészet | Arte | Seni | Arto | Arte | 芸術 | ხელოვნება | 예술 | Huner | Art | Ars | Arte | Konscht | Kuns | Menas | Toi | Уметност | Seni | Toltecayotl | Arte | Kunst | Kunst | Kunst | Kunst | Аивад | Sztuka | Arte | Artă | Искусство | Arti | Umetnost | Art | Umenie | Umetnost | Arti | Уметност | Konst | Usanifu | ศิลปะ | Sanat | سەنئەت | Nghệ thuật | קונסט | 艺术