article

Tír is ea Poblacht Chúba atá suite sa Mhuir Chairib. Is cuid den tír iad an t-oileán Cúba féin, Isla de la Juventud agus go leor oileán beag eile thart timpeall. Is é oileán Chúba an t-oileán is mó sa Mhuir Chairib. Tá Fidel Castro i gceannas na tíre ó d'éirigh lena réabhlóid chumannach i gcoinne rialtas Fulgencio Batista i 1959.

Stair


Bhunaigh na Spáinnigh cóilíneacht ar an oileán sa 16ú haois. Níor bhain Cúba a neamhspleáchas amach go dtí 1902, ceithre bliana i ndiaidh an Cogadh idir an Spáinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba bhlianta casta iad tús an 20ú haois le rialtais nár mhair i bhfad agus cur isteach an airm sa pholaitíocht. Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír i 1952 agus cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas. Chuir Castro agus a chomhghleacaithe feachtas míleata in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956 agus ghlac siad seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959 nuair a theith Batista ón oileán.

Tháinig teannas sa chaidreamh idir Cúba agus a chomharsa SAM nuair a náisiúnaigh an rialtas nua gnóthaí SAM go léir sa tír agus d'fhógair siad a gcairdeas leis an Aontas Sóivéadach (APSS). Chuir SAM smachtbhannaí i bhfeidhm go gairid ina dhiaidh is thacaigh an t-uachtarán John F. Kennedy le iarracht an rialtas cummanach a ruaigeadh le hionradh Bahía de Cochinos ar 15 Aibreán 1961. Ardaíodh an teannas arís idir Dheireadh Fómhair agus Samhain 1962 nuair a tháinig SAM ar fhianaise go raibh na Cúbaigh ag tógáil aonad do dhiúracáin núicléacha ar an oileán, le cabhair ón Aontas Sóivéadach. Ba bhuaicphointe an Chogaidh Fhuaire é an eachtra seo. Sa deireadh rinne SAM agus APSS margadh agus thóg na Rúisigh na diúracáin ón oileán le gealltanas ó rialtas SAM nach ndéanfadh siad iarracht eile an t-oileán a ionradh.

Tíortha

Cuba | Cuba | Куба | Куба | কিউবা | Cuba | Kuba | Cuba | Kuba | Κούβα | Cuba | Kubo (lando) | Cuba | Kuuba | Kuuba | Cuba | Cuba | קובה | Kuba | Kiba | Cuba | Kuba | Kuba | Cuba | キューバ | 쿠바 | Kuba | Kuba | Cuba | Cuba | Kuba | Cuba | Cuba | Cuba | Kuba (państwo) | Cuba | Cuba | Куба | Cuba | Kuba | Куба | Kuba | Cuba | Küba | Куба | 古巴 | Cuba

 

This article is licensed under the GNU Free Documentation License. It uses material from the "Cúba".

Home Pageartsbusinesscomputersgameshealthhospitalshomekids & teensnewsphysiciansrecreationreferenceregionalscienceshoppingsocietysportsworld