Is teanga í an Béarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhanach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincís, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine.
Tá sé ar cheann des na teangacha is forleithne ar domhan inniu, agus labhraítear é mar phríomhtheanga sa Bhreatain Mhór, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i bhformhór Cheanada, in Éirinn, agus i go leor d'iarchoilíneachtaí na Breataine mar phríomhtheanga nó mar chomhtheanga.
I gcúrsaí teicneolaíochta, agus le go leor meáin cumarsáide idirnáisiúnta i ré seo an Idirlín, tá buntáiste an Bhéarla ag dul i dtreise, ionas gur féidir a rá inniu gur é príomhtheanga na meán cumarsáide.
Engels (taal) | Englische Sprache | እንግሊዝኛ | Idioma anglés | Nīwu Englisc sprǣc | لغة إنجليزية | ܥܢܓܠܝܼܙܝܼ | Inglés | İngilis dili | Ангельская мова | Английски език | Saozneg | Engleski jezik | Anglès | Angličtina | Акăлчан чĕлхи | Saesneg | Engelsk (sprog) | Englische Sprache | Αγγλική γλώσσα | English language | Angla lingvo | Idioma inglés | Inglise keel | Ingeles | زبان انگلیسی | Englannin kieli | Anglais | Ingelsk | A' Bheurla | Lingua inglesa | 𐌰𐌲𐌲𐌹𐌻𐌰𐍂𐌰𐌶𐌳𐌰 | અંગ્રેજી ભાષા | אנגלית | अंग्रेज़ी | Engleski jezik | Angol nyelv | Անգլերեն | Anglese | Bahasa Inggris | Pagsasao nga English | Angliana linguo | Enska | Lingua inglese | ᖃᓪᓗᓈᑎᑐᑦ | 英語 | glibau | Basa Inggris | ინგლისური ენა | 영어 | Zimanê îngilîzî | Sowsnek | Lingua Anglica | Englesch | Ingels | Lingɛlɛ́sa | Anglų kalba | Angļu valoda | Anglisy fiteny | Англиски јазик | Bahasa Inggeris | Inglestlahtoli | Lengua ngrese | Engelsche Spraak | Ingels | Engels | Engelsk språk | Engelsk språk | Angliais | Bilagáana bizaad | Anglés | Englisch | Āngalabhāsā | Język angielski | Língua inglesa | Lingua englaisa | Limba engleză | Английский язык | Lingua ngrisa | Inglis leid | Eaŋgalsgiella | Engleski jezik | English language | Angličtina | Angleščina | Gjuha Angleze | Енглески језик | Senyesemane | Engelska | Kiingereza | ஆங்கிலம் | ภาษาอังกฤษ | Iňlisçe | Wikang Ingles | Tok Inglis | İngilizce | ئىنگلىز تىلى | Англійська мова | Tiếng Anh | IsiNgesi | 英语 | Eng-gí | 英語