Tá an Madra Beag ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Is é Canis Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an madra is lú. Deirtear gurbh é ceann den dá mhadra a bhí sna sála ag an sealgaire Oiríon (féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh, an Mhadra Mhóir, agus na Madraí Fiaigh) a bhí i gceist.
Is réaltbhuíon bheag é an Madra Beag, gan faic le feiceáil inti den chuid is mó ach dhá réalta: Procyon (α Canis Minoris, ar méid 0.38) agus Gomeisa (β Canis Minoris, ar méid 2.9). Tá Procyon ar an t-ochtú réalt is gile ar spéir na hoíche. "Roimh an madra" a chiallaíonn an t-ainm Procyon as Gréigis, ó éiríonn sé roimh Réalt an Mhadra, Sirius, i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir.
Tá réaltbhuíon an Mhadra Bhig chomh beag sin nach bhfuil aon réad domhainspéire istigh ann níos gile ná an deichiú méid.
D'aithnítí an Madra Beag mar an ceann is lú de dhá mhadra fiaigh Oiríon. Ach níor áirigh na Sean-Ghréagaigh mar réaltbhuíon difriúil ina cheart féin é, agus mar sin de ceapadh ar dtús nach raibh ach madra amháin ag Oiríon. Féach fosta réaltbhuíonta an Bhodaigh agus an Mhadra Mhóir.
Ca Menor | Malý pes (souhvězdí) | Lille Hund | Kleiner Hund (Sternbild) | Κύων Μικρός | Canis Minor | Canis Minor | دب اصغر | Pieni koira | Petit Chien | Mali pas | Kis Kutya csillagkép | Canis Minor | Canis Minor | こいぬ座 | 작은개자리 | Canis Minor (sidus) | Mažasis Šuo | Kleine Hond | Vesle hund | Mały Pies | Câinele Mic (constelaţie) | Малый Пёс (созвездие) | Súhvezdie Malý pes | Lilla hunden | กลุ่มดาวสุนัขเล็ก | Малий Пес (сузір'я)
This article is licensed under the GNU Free Documentation License.
It uses material from the
"An Madra Beag".
Home Page • arts • business • computers • games • health • hospitals • home • kids & teens • news • physicians • recreation• reference • regional • science • shopping • society • sports • world